Aran Islands - memories to take home and bring you back again!

 

 

 

 

Farantóireacht Oileán Árann – Tá fáilte romhat.

 

Tá na hOileáin Árann suite i gcroí Chuan na Gaillimhe agus faigheann cuairteoirí spléachadh ann ar shlí beatha atá fadó imithe chun bealaigh sa gcuid is mó den tír.

Cúrsálann sibh go hOileáin Árann -

Cuireann Oileáin Árann Díreach na hOileáin Árann chun cinn go mór agus eagríonn an comhlacht seo modh taistil chuig na trí Oileán Árann ar bhád farantóireachta nó ar eitleán. Chuir ceann de Hiúcéirí traidisiúnta na Gaillimhe an chéad tseirbhís farantóireachta ar fáil. Cuireann áilleacht na nOileán agus a ndraíocht fonn ar chuairteoirí filleadh arís agus arís eile. Cé go bhfuil cósta thiar theas an oileáin ag troid leis an Atlantach, cuireann cósta thoir thuaidh pasáiste séimh ar fáil do chuairteoirí idir an mórthír i Ros a’Mhíl agus na hOileáin.

 

 

 

 

 

Cúrsálann sibh go Oileáin Árann

 

Níl An Tónaí, atá ina seoid ag muintir Uí Bhriain in úsáid anois ach i Rásaí Hiúcéirí na Gaillimhe. Tá an-suim i rásaí Hiúcéirí i measc óg agus aosta agus bíonn ceithre cinn de na rásaí seo (agus na féilte a théann leo) ar na hoileáin gach bliain; péire ar Inis Mór agus ceann ar Inis Meáin agus ceann eile ar Inis Oírr.

Tá foireann Oileáin Árann Díreach sásta comhairle a thabhairt do chuairteoirí maidir le haon cheann acu seo. Sáraíonn na hOileáin Árann a méid leis an méid atá le hofráil acu: radharcanna iontacha, fothracha eaglasta ó ré na Luath-Chríostaíochta, caisleáin meánaoiseacha, aillte, dúnta réamhstairiúla cloiche (an dún cáiliúil Dún Aonghasa ina measc), tránna gainimh, gnéithe maidir lena dturais ó lóistín, rothair ar chíos nó turais mionbhus go béile tráthnóna agus i bpáirtíocht le hAonchlic Éire is féidir an rud céanna a dhéanamh. Seol i gcompord agus só le hOileáin Árann Díreach nó lig dúinn d’eitilt a eagrú agus lig dúinn cabhrú leat an draíocht a bhaineann le hÁrann a bhlaiseadh.

 

Tug cuairt ar na hOileáin Árann ar bhád farantóireachta nó ar eitleán

 

Tá aer úr, fásra agus ainmhithe sainiúla agus béaloideas saibhir ag baint leis an gceantar agus tá muintir an oileáin bródúil as.

Tá roinnt frásaí curtha le chéile againn a chabhróidh leat agus tú ar cuairt ar na hOileáin Árann.

 

091 593976